Teachtaireacht ón bPríomh Oide |
![]() |
|
Cuirim fíorchaoin fáilte romhaibh chuig Coláiste de hÍde. Is mór an onóir dúinne an Ollthionól Ríomhaireachta seo ag Cumann Ríomhoideachais na hÉireann a bheith ar siúl inár scoil. Bunaíodh Coláiste de hÍde, Coláiste Pobail LánGhaeilge, deich mbliana ó shoin. Feidhmíonn sé faoi Choiste Gairmoideachais Chontae Átha Cliath. Ainmníodh an scoil féin i ndiaidh Dubhghlas de hÍde, céad Uachtarán na hÉireann, duine mar is eol daoibh a bhí leathanaigeanta agus fad-dearcach agus gur bhreá leis teanga na Gaeilge. Cuireadh an foirgneamh álainn seo ar fáil dúinn i Meán Fómhair 2001. Tá rogha leathan ábhar acadúil agus praiticiúil ar fáil sa scoil. Cuirimid béim ar leith ar an ríomhaireacht agus a húsáid sa seomra ranga. Is breá linn leis an ceol tradisiúnta, amhránaíocht, rince agus cothaimid iad mar ghnéithe dár gcultúr. Ba mhaith liom arís buíochas a ghabháil le Cumann Ríomhoideachais na hÉireann as an gcomhdháil seo a chur ar siúl. Níl aon amhras ann ach go dtabharfaidh sé misneach agus scileanna breise dúinn agus muid ag plé le saol na teicneolaíochta. Caitlín Mhic Shiacais Príomhoide. |
|